Tá Airí Airgeadais thíortha limistéar an euro i mbun cruinnithe sa mBruiséal tráthnóna le géarchéim airgeadais na Gréige a phlé.

Pléifear freisin moltaí Rialtas na Gréige agus ar fiú iad le creidiúnaithe idirnáisiúnta a shású.

Seo é an dara cruinniú éigeandála in imeacht thrí lá.

Tá an Ghréig ag iarraidh go scaoilfí leis na billiúin euro as an gciste tárrthála le cur ar a cumas a cuid fiacha a íoc ag deireadh na míosa.

Chiallódh sin nach mbeadh sí sa gcás agus go loicfeadh sí ar a cuid fiacha, chomh maith leis an mbaol go n-imeodh sí as córas airgeadais an euro.

Tuairiscítear nach bhfuil an dá thaobh ar aon fhocal faoi roinnt pointí.

Sular tháinig sé chomh fada le cruinniú an lae inniu sa Bhruiséal bhí Príomhaire na Gréige Alexis Tsipras cáinteach go maith faoi chreidiúnaithe na tíre, agus dúirt sé nár theastaigh ón gciste airgeadaíochta idirnáisiúnta go ndéanfaí aon mhargadh.

Tá tairiscint déanta ag Tsipras íocaíochtaí cáin bhreis luacha na Gréige a ardú, chomh maith leis na híocaíochtaí isteach i gcistí pinsin.