Tá tús curtha ag an ngiúiré lena chuid macnaimh i dtriail an fheighlí linbh a bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sí díobháil do chailín beag 10 mí d'aois.

Tá Sandra Higgins as Coill Dhroim Gabhla i gCo. an Chabháin ag séanadh na cúise. 

Séanann an bhean seo atá 34 bliain d'aois go ndearna sí díobháil d'aon ghnó don pháiste ina teach cónaithe ar an 28ú lá de Mhárta 2012.

Dúradh le linn na trialach seo i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath go raibh imní ar thuismitheoirí faoi mharcanna a bhí ar an bpáiste le linn di a bheith faoi chúram an fheighlí sna seachtainí sular cuireadh an t-ionsaí ina leith.

Rinneadh socraithe eile cúram leanaí ina dhiaidh sin.