Tá sochraidí do bheirt eile a maraíodh i Berkley i Stát California breis is seachtain ó shin ar bun i mBaile Átha Cliath inniu.

Tá Olivia Burke á cur i gCarraig an tSionnaigh,tá Niccolai Schuster á chur i Ráth Garbh.

Ba é an séipéal céanna inar baisteadh í, séipéal na fortachta síoraí a léadh aifreann na sochraide do Olivia Burke inniu.

Bhailigh na céadta ansin.

Bronnadh siombail de shaol Olivia le linn an tsearmanais.

Ina measc bhí iris de chuid Choláiste Loreto áit ar fhreastal sí ar scoil, chomh maith le grianghraf dá madra.

Bhí na céadta bailithe freisin ag séipéal an triúir chaomhnóra i Ráth Garbh do shochraid Niccolai Schuster.

Dúirt a thuismitheoirí John agus Graziella go raibh a gcroíthe briste.

Dúirt John Schuster go raibh a mhac draíochtúil agus speisialta, go raibh grá ag gach duine dó agus go n-aireofaí uathu é.

D'iarr sé ar lucht fiosraithe an tubaiste seo i Berkley a bheith críochnúil i mbun a gcuid oibre.

Maraíodh an seisear mac léinn seo nuair a thug balcóin uaidh in árasán le linn cóisire 9 lá ó shin.