Cuirfidh an giúiré i dtriail mná atá cúisithe i ndíobháil thromchúiseach a dhéanamh do leanbh 10 mí d'aois tús lena macnamh amárach.

Séanann an feighlí linbh Sandra Higgins, 34 bliain d'aois, as baile an Chábháin, go ndearna sí díobháil thromchúiseach d'aon ghnó don chailín beag seo ag a teach cónaithe ar an 28ú Márta 2012.

Foréigin i gcoinne linbh a bhí i gceist a mhaígh an t-ionchúiseamh ach dúirt na dlíodóirí cosanta go gcaithfeadh an giúiré Sandra Higgins a fháil neamhchiontach mura bhféadfaí a rá go cinnte céard a tharla. 

Tráthnóna, chuaigh an Breitheamh Patricia Ryan siar ar an fhianaise a tugadh le linn na trialach agus chuir sí na prionsabail dlíthiúla os comhair an ghiúiré.

Leanfaidh sí lena treoir don ghiúiré ar maidin i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath