Bhí sochraoidí bheirt de na mic léinn a maraíodh i Berkeley i California an tseachtain seo caite ar bun inniu i mBaile Átha Cliath.

Adhlacadh Eoghan Culligan i Rath Fearnáin agus Eimear Walsh i gCarraig an tSionnaigh ag aifrinn a thosaigh ag a 11 a' chlog inniu.

Dúirt Marie, máthair Eoghan Culligan go raibh croí an teaghlaigh briste ina dhiaidh.

Tá Eoghan Culligan á adhlacadh i Rath Fearnáin agus Eimear Walsh á hadhlacadh i gCarraig an tSionnaigh ag a 11 a'chlog.

Tuairiscítear go raibh na céadta ag freastal ar Aifreann Eoghan Culligan .

Bhí garda onóra d'iar dhaltaí na scoile ar fhreastal Eoghan uirthi, Coláiste Mhuire i Rath Maoinis, lasmuigh den séipéal agus an corp á thabhairt isteach.

Bhí Aide de Camp an Uachtaráin agus an Taoisigh i láthair.

I láthair freisin bhí ambasadóir na Stát Aontaithe Kevin O'Malley agus an tAire Cumarsáide Alex White.

Maidir le sochraoid Eimear Walsh bhí an séipéal lán agus suas le céad duine lasmuigh.

Bhí Aide de Camp an Uachtaráin agus an Taoisigh i láthair, chomh maith leis an Aire Ealaíona Heather Humpreys.

Bhí ionadaí ann ó Ambasáid Mheiriceá freisin.

Cailín iontach a bhí in Eimear Walsh, a dúirt a hathair Jim ag a sochraoid. 

Tá muid bródúil, a deir sé, as an méid a bhain sí amach.

Bhí sí spraoiúil, neamhspleách, thar a bheith cliste, muiníneach agus ní raibh a deir sé, aon éirí in airde ag baint léi.

Cuirfear Olivia Burke agus Niccolai Schuster i mBaile Átha Cliath amárach.

Cuirfear Lorcán Miller Déardaoin.