Tá sé beartaithe ag an ngnó Éireannach Evros Technology 100 post a chruthú i mbliana sna hoifigí atá acu i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Port Láirge agus Cill Dara.

Tá Evros ag plé le dearadh agus soláthar creatlach córas ríomhaireachta ó 1990.

Tá 250 fostaithe faoi láthair acu.

Tá deontas bronnta ar an gcuideachta ag Fiontar Éireann le cuidiú leis an earcaíocht.