Adhlacadh buachaill scoile as Contae Thír Eoghain inniu  a chuir lámh ina bhás féin i ndiaidh gur mealladh é chun íomhánna do fhéin a chur in airde ar an idirlíon.

Seacht mbliana déag d’aois a bhí Ronan Hughes as Oileán an Ghuail .

Bhásaigh sé go tobann Dé hAoine seo caite. Tá na Poilíní ag fiosrú céard go díreach a tharla. Tá foláireamh éisithe ag an PSNI faoi chúrsaí sábhailteachta ar líne.

Tá an pobal áitiúil i gCo. Thír Eoghain croí briste agus feargach faoin tragóid fíor bhrónach seo.

Bhí Aifreann na socráide i Seipéal Naomh Pádraig i gCluain Eo atá gar d’Oileán an Ghuail.

Maireann tuismitheoirí Ronan Hughes chomh maith le dreatháir amháin agus deirfiúr amháin.