skip to main content

Tá 2 iarratas déanta ar dhúshlan ar thoradh an reifrinn comhionannais pósta a cheadú déanta san Ard-Chúirt

Dha dhúshlán reifrinn comhionannais pósta san Ard-Chúirt inniu
Dha dhúshlán reifrinn comhionannais pósta san Ard-Chúirt inniu

Déanadh na hiarratais féachaint le toradh an reifrinn ar an 34ú leasú ar Bhunreacht na hÉireann, faoinar tionóladh reifreann an mhí seo caite a cheistiú.

Gerry Walse, leictreoir ón Chlár agus Maurice Lyons, garraíodóir as Cill Chainnigh a ghlac an dúshlán agus iad araon ag feidhmiú thar a gceann féin sa Chúirt.

Dúirt cóir dlí don Stáit, Richard Humphreys go bhfuil an cás práinneach. Tá Coimisiún an Reifrinn ag glacadh páirte sa chás freisin. 

Deir an tUasal Walse gur easpa cothromaíochta ón dtaobh i bhfábhar an reifrinn is cúis dúshláin aige sin agus nach mbaineann a ghearán le haon ní frith-homoghnéasach.