Tuairiscítear go bhfuil roinnt aonad den bhriogáid dóiteáin ag dul i ngleic le tine ag monarcha i gcontae Mhaigh Eo tráthnóna.

Monarcha McHales, a tháirgeann earraí feirme, lasmuigh de bhaile an Róba atá i gceist.

Aslonnaíódh daoine as an mhonarcha ansin níos túisce tráthnóna.

Deirtear gur chualathas pléascadh ar an láthair le linn don áit a bheith ag dul tré thine.

Tá 270 duine fostaithe ag McHales ar bhóthar Chaisleán an Bharraigh ansin.