Deir saineolaithe i gcúram ailse gur ionann le 'ré nua' é le cóir leighis in aghaidh ailse toisc drugaí nua atá forbartha le córas imdhíonachta nadúrtha an duine a dhúiseacht le dul i mbun troda in aghaidh an ghalair.  

Maíonn na dochtúirí a bhí páirteach i sraith trialacha sa Bhreatain, go raibh torthaí na trialach i bhfad chun cinn ar aon chóir leighis eile go dtí seo. 

Laghdaigh an teiripe imdhíonachta méid na siada in os cionn leath na n-othair le meileanóime agus chuir faoi smacht iad in go leor casanna. 

Cuireadh torthaí na dtrialacha os comhair comhdháil bhliantúil Chumann Oinceolaíochta Chliniciúil i Chicago le déanaí. 

Dúirt an tOllamh Roy Herbst, Ceannasaí Leighis Oinceolaíochta in Yale go raibh na torthaí dochreidte agus go bhféadfadh an chóir leighis seo teacht in áit ceimiteiripe laistigh de 5 bliana.