Tá  síneadh ama curtha le téarma príosúin an fhir a ciontaíodh i mbean as Éirinn, Jill Meaghar, a éigniú agus a dhúnmharú san Astráil dhá bhliain ó shin.

Tá téarma 43 bliain ar a laghad le cur isteach ag Adrian Bayley anois ó ciontaíodh inniu é i dtrí éigniú eile.

Gearradh téarma príosúin saoil ar Adrian Bayley, 43 bliain d'aois, agus gan cead parúil aige roimhe seo go ceann 35 bliain. Ciontaíodh é i ndúnmharú agus in éigniú Jill Meaghar i Melbourne i mí Méan Fhómhair 2013.