Deir saineolaithe go mb'fhéidir go bhféadfaí leas a bhaint faoi cheann bliana as an víreas is cúis le spuaic shlaghdáin chun cur in aghaidh ailse craicinn.

D'éirigh go maith leis an triail a rinneadh ar othair a bhfuil ailse craicinn orthu. Othair is ea iad nach féidir obráid a chur orthu. Léiríonn na torthaí go dtí seo go bhféadfadh an víreas stop a chur le leathadh na hailse.

Ní fhásann an víreas i gcealla craicinn atá sláintiúil, ach fásann sé i gcealla atá buailte ag an ailse.