Tá leasuithe fógartha ag an Rialtas le cosc a chur ar mhí-úsáid mhic léinn nach as an Aontas Eorpaigh iad a thagann go hÉireann le ghabháil ag coláístí príobháideacha ag foghlaim Bhéarla.

Beidh ar choláistí feasta táillí a bheas íoctha roimh réidh ag mic léinn a choinneáil i gcuntais bainc faoi chosaint ar leith.

Beidh ar choláistí foilsiú iomlán a dhéanamh ar ainm gach stiúrthóir agus úinéir.

Feidhmeofar na moltaí roimh dheire na bliana.

Le bliain anuas tá 17 coláiste tar éis dúnadh gan choinne, agus tá mórchuid mac léinn fágtha gan faic.

Tá Comhairle na hÉireann do Mhic Léinn Idirnáisiúnta tar éis fáilte a chur roimh na leasuithe ach deir siad go gcaithfear cosaint ar leith a chinntiú do mhic léinn sna míonna amach romhainn.