Tá an craoltóir agus fear margaíochta Bill O'Herlihy básaithe.

76 a bhí sé.

Cailleadh sa mbaile ar maidin é.

Bhí sé i láthair ag na Gradaim IFTA aréir.

Maireann a bhean chéile agus beirt iníon.

Anuraidh, tar éis Chorn an Domhain sa mBraisíl, a d'fhág sé slán leis an gcraoltóireacht.

Bhí ailse roinnt blianta ó shin air, agus fadhbanna croí anuraidh.

I gCorcaigh a rugadh agus a tógadh é agus is ann a thosaigh sé le Raidió Éireann tús na 60aí.

Bhí sé roimhe sin leis an Cork Examiner agus an Evening Echo.

Tar éis seal a chaitheamh le cúrsaí reatha ar an teilfís chuaigh sé leis an spórt.

B'é an láithreoir ó 1978 ar an sacar ar RTÉ.

Chuir sé 10 Chorn an Domhain i láthair.

Bhí a chuideachta féin poiblíochta freisin aige, O'Herlihy Communications.

Bhí sé ina chomhairleoir cumarsáide ag Fine Gael ó dheire na 70aí, agus ina chomhairleoir ag Garret Fitzgerald agus é ina Thaoiseach.