Tuigtear do Nuacht RTÉ go bhfuil sé aontaithe ag Údarás na Gaeltachta agus ollamh ollscoile, a rinne taighde ar a son, go bhfoilseofaí moltaí a chuid taighde ach nach mbeadh aon bhaint ag an Údarás lena bhfoilsiú. 

_________________________________________

Tá na moltaí faighte ag Nuacht RTÉ, agus is anseo trínár suíomh idirlín atá siad á gcur ar fáil den chéad uair.

_________________________________________

Bhí Údarás na Gaeltachta ag diúltú thuarascáil an Ollaimh Conchúr Ó Giollagáin a fhoilsiú de bharr easaontais maidir le téarmaí an chonartha taighde. 

Mar a tuairiscíodh anseo an mhí seo caite, ní raibh an tÚdarás sásta moltaí ná beartais fhéideartha a chur sa tuarascáil mar nach raibh a leithéid luaite go sonrach, a deir siad, sa chonradh taighde. Ach mhaígh an tOllamh Ó Giollagáin gur dheacair taighde sóisialta cuimsitheach a chur ar fáil gan moltaí a chur san áireamh.

Le teacht as an tsáinn, tuigtear do Nuacht RTÉ gur aontaigh an dá dhream le deireanas go bhfoilseodh an tOllamh Ó Giollagáin na moltaí go neamhspleách ar an Údarás.

Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (SCT) a foilsíodh i 2007 atá sa taighde a choimisiúnaigh an tÚdarás agus atá réitithe le bliain.

Dúirt an tOllamh Ó Giollagáin le Nuacht RTÉ go raibh sé sásta gur tháinig sé féin agus an tÚdarás ar chomhaontú ar deireadh. Ach dúirt sé go n-inseodh an aimsir an é an cáineadh a dhéantar sna moltaí ar pholasaí Gaeilge an Stáit is cúis le doicheall an Údaráis rompu.

I ráiteas a tugadh do Nuacht RTÉ, dúirt Údarás na Gaeltachta nach mbeadh tada nua le rá acu faoin tuarascáil go dtí go mbeadh sé foilsithe acu féin gan na moltaí. Tugadh le fios go bhfoilseofaí go luath é.

Dúirt an tÚdarás freisin go raibh sé ráite acu i gcónaí leis an Ollamh Ó Giollagáin go bhféadfadh sé na moltaí a fhoilsiú é féin. Tuigtear dúinne, áfach, nár aontaíodh an socrú sin go dtí le deireanaí nuair a ba léir nach raibh aon rogha eile ann. 

Pléitear cúig bheartas sa tuarascáil a d’fhéadfadh an Rialtas tabhairt fúthu chun an Ghaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a threisiú.

Tuairiscíodh anseo an mhí seo caite go bhfuil bunú Choimisiúin Stáit ar cheann de na beartais sin. Is léir ó léamh na tuarascála go gcreideann an tOllamh Ó Giollagáin gur ceann de na beartais is fóintí é.

_________________________________________

Beartais fhéideartha agus a mbuntáistí de réir na tuarascála

1. Gan aon cheo nua a bheartú. Thiocfadh deireadh go luath leis an nGaeilge mar theanga phobail.

2. Na forálacha Gaeltachta a bhaineann leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Thiocfadh deireadh go luath leis an nGaeilge mar theanga phobail.

3. Moltaí SCT a chur i bhfeidhm. Chothófaí gréasáin Ghaeilge a bheadh níos feidhmiúla ná a bhfuil ann faoi láthair.

4. Coimisiún Stáit a bhunú a d’fhiosródh ról an Státchórais sa Ghaeltacht. Bheadh tuiscint níos soiléire ag muintir na Gaeltachta ar an ról sin.

5. Cur chuige éigeandála a dhíreodh acmhainní straitéiseacha institiúideacha ar shealbhú na Gaeilge i dteaghlaigh agus i scoileanna. Mhothódh tuismitheoirí na Gaeltachta go mbeadh an Státchóras ag tacú leo cainteoirí dúchais Gaeilge a thógáil agus a thabhairt chun aibíochta sa dúchas sin.

_________________________________________