Tá fiosrú ar siúl faoi bheirt, fear agus bean, atá faighte básaithe i dteach feirme i gCo Luimnigh.

B'iad Julia Holmes a bhí 63, agus Thomas Ruttle, a bhí 57, an bheirt atá faighte.

Tá na coirp tógtha as an teach agus scrúdú iar-bháis le cur ag an Dr Marie Cassidy orthu in Ospidéal na hOllscoile Luimneach.

Le roinnt míonna a tháinig Julia Holmes ag an teach, a bhí faoi úinéireacht Thomas Ruttle.

Bhí na Gardaí agus an PSNI sa tóir ar an mbean faoi chásanna calaoise. Bhíodh ainmneacha bréige aici.

Fritheadh an 2 chorp i seomra codlata thuas staighre in Eas Géitine.

Ceaptar go raibh na daoine básaithe le tamall maith.

Níor facthas amuigh iad le tuairim is 2 mhí.