Áirítear BB King i measc na seinnteoirí giotár is fearr a mhair riamh agus chuaigh i gcionn ar ghlúin iomlán seinnteoirí, Eric Clapton, Ry Cooder agus Rory Gallagher ina measc.  

Rugadh Reily B King nó BB King, mar a baisteadh air níos déanaí ina shaol, ar phlandáil cadáis i 1925.
 
Thosnaigh sé ag foghlaim an giotáir agus é án-óg agus bchan sé i gcór eaglasta.
 
Bhog sé go Memphis, Tennesee áit a raibh baint mhór aige le ceol na ngormacha a thabhairt go dtí lucht éisteachta idirnáisiúnta.
 
Bhuaigh sé 15 Gradam Grammy i gcaitheamh a shaoil, an ceann deireannach i 2009. Chuaigh an glór agus an stíl ar leith seinnte a bhí aige i bhfeidhm ar go leor ceoltóirí mór le rá, Eric Clapton ina measc.
 
Bhain sé cáil amach leis na hamhráin Lucille, Sweet Black Angel agus Rock Me Baby chomh maith leis an amhrán, When Love Comes to Town a chas sé le U2 agus a bhain uimhir a haon amach i gcairteanna na hÉireann.
 
Cé gur chuir drochshláinte isteach air agus é ag dul in aois - lean sé fhéin agus Lucile - an t-ainm a bhaist sé ar a chuid ghiotar dubh Gibson ag seinnt.
 
D'imigh BB King ar shlí na fírinne go síochánta agus é ina chodhladh i Las Vegas. Bhí naoi mbliana agus ceithre scór slánaithe aige.