Tá moltaí seolta ag an gCoimisiún Eorpach le dul i ngleic le géarchéim na n-imirceach. Moltar go nglacfadh tíortha uile an Aontais Eorpaigh le céatadán faoi leith imirceach ionas nach mbeadh an t-ualach ar fad ag titim ar an nGréig agus ar an Iodáil. 

Tá sé i gceist ag an Aontas Eorpach 20,000 imirceach a ligean isteach san Eoraip na hEorpa as seo go ceann dhá bhliain ar chostas leathchéad milliún euro.

Faoi dhlí an Aontais Eorpaigh ní gá d'Éirinn glacadh le himircigh, ach d'fhógair an Roinn Dlí agus Cirt trathnóna go nglacfaidh an tír seo le 300 imirceach breise faoi phlean an Aontais.