Tá sé ordaithe ag an Ard-Chúirt d’Ian Bailey na costais ar fad a bhaineann leis an gcás a thug sé in aghaidh an Stáit agus in aghaidh na nGardaí gur gabhadh san éagóir é, a íoc

Bhí Ian Bailey ag lorg cúitimh faoin gcaoi a deir sé ar chaith gardaí leis le linn a bhfiosrúchán faoi dhúnmharú Sophie Toscan du Plantier i 1996.

Rialigh giúire ina aghaidh mí Márta seo caite.

Dúirt a chuid dlíodóirí inniu gur chuir foireann dlí an Stáit am amú sa triail a mhair 64 lá nuair a rinne siad iarratas deireanach go scriosfaí amach an chuid is mó de na cúiseanna.

Tá bac curtha ar ordú na cúirte sa gcás go ndéanfaí achomharc.

Meastar go bhféadfadh na costais a bhaineann leis an gcás a bheith idir €2 agus €5m