Is mar gheall ar chlár faisnéise a rinne RTE agus a craoladh mí na Nollag seo caite a cuireadh fiosrúchán na Gardaí ar bun.

Sa gclár Inside Bungalow 3 tugadh léargas ar an mí-úsáid a rinneadh ar thriúr ban aosta sa teach altranais.

Cuireadh 13 dhuine a bhí fostaithe in Áras Attracta ar fionraí de bharr an chláir.

Mar chuid d'fhiosrúchán na nGardaí scrúdaíodh an t-ábhar taifeadadh ar fad agus socraíodh nach gcúiseofaí ach cúigear.

Cúis amháin maidir le hionsaí a dhéanamh atá le cur i leith ceathrar acu sin agus tuigtear go bhfuil an cúigiú duine le cúisiú i níos mó ná cúis amháin.