Sa pholasaí nua imirce, a nochtfar Dé Céadaoin, molfar go dtógfaidh gach ballstát líon dídeanaithe bunaithe ar chritéir ar leith.

I measc na nithe a chuirfear san áireamh, beidh méid agus daonra na tíre, sláinte an gheilleagair agus líon na ndídeanaithe ar glacadh cheana leo.   

Dúirt urlabhraí speisialta ar imirce de chuid na Náisiúin Aontaithe, Peter Sutherland go bhfuil sé tábhachtach go nglacfadh gach ballstáit le líon dídeanaithe. 

Measann na Naisiúin Aontaithe go bhfuil iarracht déanta ag níos mó ná 60,000 dídeanaí i mbliana cheana féin fad agus ar bádh 1,800 sa Mheánmhuir ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach. 

Moltar sa pholasaí nua go gcuirfí próiseas ar bun a cheadódh do dhídeanaithe an Eoraip a bhaint amach ar bhonn dleathach. 

Tá sé ráite ag an Aire Stáit le cúram na hEorpa, Dara Murphy go bhfuil an rialtas sásta glacadh le dídeanaithe ar bhonn trialach.