Scriosadh trí fheithicil a bhí in úsáid ag Uisce Éireann i gcathair Phort Láirge aréir. 

Meastar gur go mailíseach a dódh na feithiclí  agus go bhfuil luach suas le céad go leith míle euro de dhamáiste déanta.  

Ba ar láthair ar Bhóthar na Leacan i gcathair Phort Láirge a tharla an eachtra. Ba le conraitheoir a bhí fostaithe ag Uisce Éireann na feithiclí.  

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí.