I gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn inniu phléadáil fear 71 bliain d'aois neamhchiontach i gcúiseanna faoi ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar ghasúr i 1984.

2 chúis atá tugtha i gcoinne an fhir. 

Líomhnaítear gur tharla na hionsaithe idir Meitheamh agus Meán Fómhair 1984 ag 2 láthair éagsúla in iarthar Chontae Dhún na nGall.

Sa gcúirt inniu thug an gearánaí fianaise ar nasc físe as Meiriceá faoina cúiseanna seo.

Bhí sé 10 mbliana d'aois ag an am a líomhnaítear gur tharla na hionsaithe seo.

Dúradh gur tharla siad ar bhád agus i seomra codlata i dteach cónaithe.

Shéan an fear 71 bliain d'aois na cúiseanna seo ina chuid fianaise tráthnóna.

Beidh na hargóintí deireanacha sa chás seo maidin amárach.