Táthar le leagan Gaillimheach a dhéanamh den chluiche cláir aitheanta Monopoly. Táthar ag iarraidh moltaí anois faoi na háiteacha ar fud chontae agus chathair na Gaillimhe a bheas le feiceáil air. 

Is féidir na moltaí a sheoladh chuig an leathanach atá acu ar Facebook - GalwayMonopoly - nó ag an seoladh ríomhphoist galway@winningmoves.co.uk. Tá go meánoíche 11 Bealtaine le moltaí a chur isteach. 

I mí Dheireadh Fómhair a chuirfear clár Monopoly na Gaillimhe ar fáil, tráth a mbeidh an cluiche 80 bliain ar an bhfód.