Deirtear i dtuarascáil nua ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht gur cheart don Taoiseach coimisiún éigeandála a bhunú féachaint le labhairt na Gaeilge ansin a chaomhnú agus a threisiú. 

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite nach bhfuil Roinn na Gaeltachta sásta go bhfuil moltaí curtha sa tuarascáil ag an údar, an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin. Deir seisean, áfach, gur cuid thábhachtach den tuarascáil iad agus nár cheart iad a choinneáil ó mhuintir na Gaeltachta. 

Léiríodh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh sa bhliain 2007, go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht, agus maíodh ann nach raibh ach tuairim is 20 bliain fanta ag an nGaeilge mar theanga labhartha pobail.

Dhá bhliain ó shin, d’iarr Údarás na Gaeltachta ar dhuine de na húdair an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin nuashonrú a dhéanamh ar staidéar 2007. Cé go bhfuil an nuashonrú críochnaithe le bliain, níl sé foilsithe fós i ngeall ar easaontas faoi na moltaí a dhéantar ann.

Mar a nochtadh ar Tuairisc.ie an tseachtain seo caite, nuair a cuireadh an tuarascáil faoi bhráid Roinn na Gaeltachta anuraidh, léirigh Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Máire Killoran a míshástacht faoi na moltaí a bheith ann.

Thug sí le fios go raibh sí den tuairim gur nuashonrú ar staitisticí 2007 an cúram a bhí ar an Ollamh Ó Giollagáin agus nár bhain a chuid moltaí le hábhar. Dheimhnigh an Roinn tráthnóna gurb in an tuiscint atá acu fós. 

Tuigtear do Nuacht RTÉ go bhfuil cathaoirleach agus príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair agus Steve Ó Cúláin, ag tacú le léamh sin Mháire Killoran ar an scéal. 

Dar leis an Ollamh Ó Giollagáin, áfach, nach iad na staitisticí amháin a bhí le nuashonrú faoi théarmaí an chonartha taighde a shínigh sé leis an Údarás. Tuigeadh dósan go dtabharfaí tátal 2007 cothrom le data freisin. Tá 17 leathanach de mholtaí i dtátal 2007.

________________________________

An Tuarascáil Taighde

Tuigtear do Nuacht RTÉ

- gurb é príomh-mholadh an taighde nua go mbunódh an Taoiseach coimisiún éigeandála a chuirfeadh bonn láidir faoi iarrachtaí an Ghaeilge dhúchais a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht

- go moltar sa tuarascáil go ndíreodh an coimisiún éigeandála seo acmhainní straitéiseacha institiúideacha ar shealbhú na Gaeilge i dteaghlaigh agus i scoileanna

- go gcaitear amhras mór sa tuarascáil ar Stratéis 20 bliain don Ghaeilge - bunchloch pholasaí Gaeilge Roinn na Gaeltachta

- go léiríonn na staitisticí nuashonraithe go bhfuil meath suntasach tagtha ar labhairt shóisialta na Gaeilge i measc an aosa óig sa Ghaeltacht ó 2007.

________________________________

Dúirt an tOllamh Ó Giollagáin le Nuacht RTÉ gur cuid thábhachtach de shaothar taighde sóisialta ar bith atá sna moltaí a dhéantar sa tátal, agus go bhfuil dualgas ar acadóirí dul i ngleic lena gcuid taighde ar an mbonn sin, saor ó bhac.

Agus feidhm na Gaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht go mór i mbaol, mhaígh sé gur taighde sóisialta atá sa nuashonrú a bhfuil práinn ar leith ag baint leis.

Dúirt sé linn go bhfuil dualgas poiblí ar acadóirí a fhaigheann airgead poiblí le taighde mar seo a dhéanamh na moltaí is fóintí dar leo a chur ar fáil don phobal.

Mhaígh an tOllamh Ó Giollagáin freisin go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag cur isteach ar a neamspleáchas acadúil, cé gur leis an Údarás agus nach leis an Roinn a shínigh sé an conradh taighde. Dar leis nach bhfuil an Roinn ag iarraidh go bhfoilseofaí na moltaí mar gheall nach dtaitníonn siad leo.

Is thar ceann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Mhá Nuad a shínigh an tOllamh Ó Giollagáin an conradh taighde le hÚdarás na Gaeltachta. Tuigtear dúinn go bhfuil an tÚdarás leis an scéal a chur faoi bhráid bhoird acadúla an dá ollscoil sin le súil is go dtabharfaidh siadsan breith ar an easaontas. Deir an tOllamh Ó Giollagáin go bhfuil sé sásta leis an moladh seo.

Ina ainneoin seo, dúirt Údarás na Gaeltachta le Nuacht RTÉ go bhfuil siad fós ag fanacht leis an dréacht deiridh ó na húdair. Deir an tOllamh Ó Giollagáin go bhfuil an dréacht deiridh acu cheana féin agus go bhfuil sé réidh le dul chuig na clódóirí.

Ní fios fós cén uair a phléifeas na boird acadúla an scéal ná fiú an bhfuil aon ról acu i réiteach na ceiste. Ní léir ach an oiread cén uair a fhoilseofar an tuarascáil taighde ainneoin é a bheith réitithe le bliain.