Tá cinneadh Ard-Chúirte maidir le h-iarratas atá déanta ag dúnmharfóir ciontaithe as an gCeathrú Rua curtha ar atráth go dtí an 15ú lá de mhí na Bealtaine. 

Ciontaíodh John "Demesne" McDonagh i ndúnmharú Shiobhán Hynes i 2001. 

Teastaíonn ó John McDonagh, 40 bliain d'aois  
go dtabharfaí dó an fhianaise fhóiréinseach a húsáideadh ina choinne le linn na trialach i dtreo is go mbeifear ábalta tástálacha DNA, ná raibh ar fáil ag an am, a dhéanamh air.  

Fuarthas corp Shiobhán Hynes,17 bliain d'aois ar charraigeacha ar thrá sa Cheathrú Rua i 1998.  

Gearradh príosúin saoil ar John McDonagh as an dúnmharú.