Tá cáineadh déanta ag teaghlach fhear a bhfuil riachtanais speisialta aig faoin ionsaí a rinneadh air i bpáirc phoiblí i mBaile Átha Cliath.

B'éigean dó greamanna a fháil sa gcloigeann de bharr na ngortaithe a bhain dó.

Thárla an t-ionsaí i bPáirc Radhairc Aoibhinn i dtuaisceart na cathrach agus tuigtear go raibh triúr déagóirí páirteach ann.

Dúirt siad leis an bhfear atá 31 bhlain d'aois, go gcuirfeadh siad trí thine é.
 
Tá na Gardaí i gCluain Tarbh i mbun fiosruithe faoin ionsaí.