Tugadh an fear 21 bhliain d’aois os comhair cúirte i nGlaschú lena chúisiú i ndúnmharú Karen Buckley. Fuarthas taisí na mná óige ar fheirm 10km ó thuaidh den chathair oíche Dé Céadaoin.

Nuair a cuireadh an chúis ina leith, níor labhair Pacteau. Táthar ag súil go mbeidh sé os comhair na cúirte an athuair an tseachtain seo chugainn. 

Chuaigh sí ar iarraidh tar éis bheith amuigh sa chathair oíche Dé Sathairn.

Fuarthas taisí ar fheirm 10km ó thuaidh den chathair oíche Dé Céadaoin.

Nuair nár fhill sí abhaile maidin Dé Domhnaigh chuir a cairde fios ar na húdaráis, agus thosaigh an cuardach ansin.

Tar éís cheithre lá thángthas ar thaisí ar fheirm High Craigton atá siar ó thuaidh de Ghlaschú, agus deimhníodh gur thaisí Karen Buckley a bhí iontu.

Tá súíl go mbeidh seribhís chuimhneacháin sa cheantar den chathair a ndeachaigh an bean óg ar iarraidh as.

I gCearnóg George i lár na cathrach a reachtálfar an ócáid.

Mí Eanáir seo caite a chuaigh Karen Buckley go hAlbain le dul i mbun staidéir ar theiripe shaothair in ollscoil Glasgow Caledonian University.

Deir a muintir, atá in Albain ón Máirt go bhfuil ‘ a gcroí briste go hiomlán’