Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarma príosúin dhá bhliain déag ar fhear as Baile Átha Cliath faoi dhúnorgain fir i gCo an Chabháin beagnach dhá bhliain ó shin. Cuireadh an dá bhliain dheireanacha den téarma príosúin ar fionraí.

Bhí Kevin Moran, 30 bliain d'aois, cúisithe i ndúnmharú Emmet Connolly, 32 bliain, i Muinchille ar 29 Meán Fómhair 2013, ach ba i ndúnorgain a ciontaíodh é.  

Dúradh le linn na trialach gur sáthadh Emmet Connolly seacht mbabhta dhéag. Ailtire as Buíochar, Co Mhuineacháin, ab ea é. Bhí sé tar éis filleadh ar Éirinn ón Astráil cúpla seachtain roimhe sin. Bhí bliain go leith caite ag obair ann aige.  

Dúirt Kevin Moran leis na Gardaí i dtosach gur sháigh sé Emmet Connolly agus an bheirt fhear ag troid. Mhaígh sé ina dhiaidh sin gur le teann feirge a d'ionsaigh sé é. Ní raibh aithne ag an mbeirt fhear ar a chéile.  

Ciontaíodh Kevin Moran cheana in ionsaí a dhéanamh ar dhuine agus i scian a bheith ina sheilbh aige. 

Dúirt muintir Connolly cé gur faoiseamh dóibh an cás a bheith thart gur mór a mbris bás Emmet. 

Emmet Connolly

Dúirt an Breitheamh Paul Carney gur chuir sé bris mhuintir Connolly san áireamh agus é ag déanamh a mhachnaimh ar an bpionós a ghearrfadh sé ar Kevin Moran. Chuir sé san áireamh freisin, a dúirt sé, gur phléadáil an cúisí ciontach i ndúnorgain.