Cuireadh tús le scéim trialach ag Marglann an Chlocháin i gContae na Gaillimhe inniu le bodóga de phór speisialta a thabhairt ar ais go Conamara agus go dtí Iarthar an Chontae.

Tugadh seasca budóg baineann, de phór Hereford, Aberdeen agus Shorthorn ag an mharglann.

Tá súil ag an lucht eagraithe go dtiocfaidh ardú ar líon na mbodóga den tsaghas seo sa dúiche.

Beidh marglann an Chlocháin ag dul i dteagmháil le díoltóirí agus le ceannaitheoirí beithíoch sna míonna romhainn féachaint leis an scéim seo a chur chun cinn.