Deirtear i dtuairisc neamhspleách ar bhás sagairt 30 bliain ó shin, cé go bhfuil údar fiosrúcháin nua ann gur dóichí nach dtiocfar ar fhírinne an scéil go brách.
Fuarthas corp an Athar Niall Molloy i dteach cónaithe Richard agus Therese Flynn i gClóirtheach, Co Uíbh Fhailí, i mí Iúil 1985.
Cúisíodh Richard Flynn i ndúnorgain an tsagairt. Fuarthas neamhchiontach é, cé gur mhaígh sé go minic gur bhuail sé an sagart.
Ina fhianaise seo, a deirtear sa tuairisc neamhspleách, bhí sé thar a bheith neamhghnách ag an mbreitheamh treoir a thabhairt don ghiúiré Richard Flynn a fháil neamhchiontach. Tá an breitheamh básaithe ó shin.
Tarraingítear aird i dtuairisc an abhcóide shinsearaigh Dominic McGinn ar neart ceisteanna eile atá fós gan réiteach.
Dúirt an tAire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald cé go mb'fhéidir go mbeadh díomá ar mhuintir Molloy faoina bhfuil sa tuairisc, nach féidir i gcónaí freagraí a fháil ar chásanna mar seo.