Sa Phríomh Chúirt Choiriúil inniu fuarthas Graham Dwyer ciontach i ndúnmharú Elaine O'Hara.

Breith d'aonghuth a bhí ann i measc an ghiúiré.

7 n-uair a chloig go leith a thóg sé ar an ngiúiré de sheachtar fear agus cúigear ban theacht ar an mbreith.

D'aontaigh siad ar fad gur sháigh agus gur dhúnmharaigh Graham Dwyer Elaine O'Hara i gceantar Ráth Fearnáin i gContae Bhaile Átha Cliath i Lúnasa 2012.

Dúirt breitheamh na trialach gur aontaigh sé go huile agus go hiomlán le breith an ghiúiré.

Gearrfar píonós ar Graham Dwyer ar an 20ú Aibreán.