Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath, ciontaíodh fear fiche bliain d'aois i ndúnmharú fir dhá bhliain is fiche i gcathair Phort Láirge dhá bhliain ó shin. Bhásaigh Martin Brophy de bharr a ionsaithe i bhfoirgneamh díomhaoin i mBealtaine 2012.

Phléadáil William Moran neamhchiontach sa dúnmharú. Dúirt sé leis na Gardaí go raibh Martin Brophy fós ina bheatha nuair a d'fhág sé féin an foirgneamh an oíche a bhí i gceist. 

Le linn na trialach, áfach, dúirt fear eile a bhí i láthair gur chiceáil an cúisí Martin Brophy roinnt babhtaí agus gur thug sé greadadh dá cheann lena chois. 

Dúradh ag an triail gur tugadh le fios ar leathanach Facebook William Moran gur bascadh Martin Brophy. 

Thóg sé os cionn ocht n-uaire a chloig ar an ngiúiré é a chiontú d'aon ghuth. Gearradh príosún saoil ar William Moran.