Tá píopa de chuid an chomhlachta Corrib Gas atá lonnaithe amach ó chósta Thuaisceart Mhaigh Eo bogtha ó ghrinneal na farraige agus le feiceáil ar snámh i gCuan an Inbhir faoi láthair.

Thart ar 800 slat ar fhad atá an píopa.

Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil curtha ar an eolas faoin scéal agus tá siad á fhiosrú.

Deir an Ghníomhaireacht nach bhfuil aon chontúirt ann go dtarlóidh truailliú.

 Níl fhios fós cén chaoi ar bhog an píopa ach táthar ag ceapadh go raibh baint ag an drochaimsir leis an mbogadh.