Sheol an teachta Lucinda Creighton a páirtí polaitíochta go hoifigiúil ar maidin.

Renua Ireland ainm an pháirtí.

Tá ceathar eile a bhíodh ina mbaill de Fhine Gael luaite leis an bpáirtí freisin agus rithfidh siadsan don pháirtí sa chéad olltoghchán eile.

Sé Billy Timmins, an teachta as Contae Chill Mhantáin leascheannaire an pháirtí.

Dúirt Lucinda Creighton go raibh sé in am anois an pholaitíocht a shaoradh ó pholasaithe a raibh teipthe orthu mar a dúirt sí.

Dúirt sí go raibh Renua difriúil ón bealach a bhfuil sé bunaithe agus maoinithe, agus go mbeadh sé oscailte i dtaca lena chuid polaitíochta dhe.

Dúírt sí freisin go bhfáilteodh an páirtí roimh thuairimí nua agus go mbeadh sé trédhearcach.

D'fhógair sí moltaí inniu i dtaca le 16 polasaí éagsúla.