Cuireadh cosc ar ghluaisteán an Tánaiste ócáid a raibh sí ag freastal uirthi i mBaile Átha Cliath ar maidin a fhágáil.

Chruinnigh suas le 30 duine timpeall ar ghluaisteán Joan Burton ar feadh thart ar leathuair a chloig.

Tuairiscítear go raibh an lucht agóide glórach agus torannach ach go raibh siad síochánta.  Bhí roinnt Gardaí i láthair.

Bhí an tAire ag freastal ar ócáid i bPáirc Gnó Musgrave i gCnoc an Fhuaráin.

Sé seo an dara huair go raibh an Tánaiste sáinnithe ina carr le rionnt míonna.  Mí na Samhna seo caite, sáinníodh Joan Burton ina carr ar feadh cúpla uair a chloig ag ócáid a bhí ar bun i Ráth Miontáin i dTamhlacht.