Caitheadh agus maraíodh fear gan dídean i Los Angeles, i Meiriceá. Tharla sé seo tar éis achrainn idir na póilíní agus an fear sa gcathair.

Deir oifigigh gur tháinig na póilíní ar an bhfear agus iad ag dul i ngleic le heachtra robála.

Deir na meáin chumarsáide san áit gur dhúirt póilín nár theastaigh ón bhfear i gceist go ngabhfaí é agus go ndearna sé iarracht greim a fháil ar ghuna duine de na póilíní.

Caitheadh agus maraíodh an fear ina dhiaidh sin. Cuireadh físeán den eachtra ar an idirlíon a léiríonn an méid a thit amach idir na póilíní agus an fear.