Tá sé á thuairisciú go bhfuil sé aontaithe ag Airí Airgeadais Limistéar an Euro gur féidir le hiarratas atá déanta ag Rialtas na Gréige ar bhreis ama ar an gClár Iasachtaí dhul ar aghaidh ag parlaimintí na mballstát.

Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Valdis Dombrovkis a thug an méid sin le fios ar twitter.

Bhí na hAirí Airgeadais ar an nguthán ag a chéile tráthnóna faoi liosta atá curtha chun cinn ag Rialtas na Gréige faoi leasuithe atá beartaithe acu ar gheailleagar na tíre.

Seoladh an liosta aréir ag an gCoimisiún, ag an ECB agus ag an IMF.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist díriú ar imghabháil cánach, calaois agus smugláíl le cur le teacht isteach an stáit.

hIarradh ar an Rialtas moltaí a chur chun cinn mar choinníoll sula mbronnfaí 4 mhí sa mbreis ar an gClár Iasachtaí atá faighte ag an nGréig.

Bhí sé ráite ag ceannasaí an EuroGhrúpa Jeroen Dijsselbloem nach mbeadh aon chainteanna idir Airí Airgeadais muna mbeadh téagar sna moltaí a thiocfadh ón nGréig.