Beidh deis ag daoine leagan Gaeilge de Macbeth - traigéide cháiliúil Shakespeare - a fheiceáil i dTaibhdhearc na Gaillimhe oíche amárach nuair a dhéanfar léamh réamhléirithe air.

D'aistrigh S. Labhrás Ua Súilleabháin an dráma go Gaeilge i 1925, agus léiríodh sa Taibhdhearc é i 1941. Siobhán McKenna a bhí í bpáirt Lady Macbeth agus Walter Macken a stiúraigh. 

Is é an t-aisteoir Seán Ó Tarpaigh a chuir an leagan is deireanaí ar fáil. Deirtear go mbeidh téamaí coitianta Shakespeare - miodóga agus mailís, fuil agus foréigean, grá agus gráin -  le feiceáil go sonrach ar an léiriú seo freisin.