Tá leithscéal gan chuntar gafa ag an ngníomhaireacht sláinte Western Trust le 95 dalta iar-bhunscoile san Ómaigh i gCo Thír Eoghain faoi gur tugadh an vacsaín mhícheart dóibh.

In áit vacsaín do dhéagóirí, tugadh vacsaín réamh-scoile do dhaltaí bhliain 11 san Omagh Academy. Cosaint in aghaidh pertussis nó an triuch a bhí sa vacsaín a fuair na daltaí – cosaint nach raibh aon ghá leis.   

Tá Western Trust i mbun fiosrúcháin faoi mar a tharla a leithéid. Dúirt urlabhraí dá gcuid nár cheart go dtarlódh sé ach nach raibh aon chontúirt mhór ann do na daltaí. Ach dúradh go bhféadfadh an vacsaín a bheith pianmhar nó go bhféadfadh sí teocht ard agus deargú craicinn a chothú.

Ní thugtar aon chosaint in aghaidh na treacha do dhéagóirí sa Tuaisceart go hiondúil a dúirt an Western Trust mar nach aon chontúirt mhór an triuch don aoisghrúpa seo.