Tá iarratas déanta ag Michael Lowry, iar-aire Fhine Gael ar an Ard-Chúirt dúshlán á thógaint in iarracht an cás cúirte ina aghaidh faoi chúiseanna líomhnaithe cánach a stopadh.

Tá ceithre chúis curtha ina leith faoi thuairisceáin mhíchruinn chánach a dhéanamh in 2003 agus 2007. 

Bogadh láthair na trialach ó Chontae Thiobraid Árann go Cúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

D'iarr an Stiúrthóir an cás a bhogadh de bharr an oiread daoine a chaith vóta do Lowry ina chontae dúchais. 

Tá an cás le lua sa Chúirt Choiriúil Chuarda Dé hAoine.