Troigh sneachta atá caite aige i Meiriceá cé go raibh níos mó ná 3 troigh geallta.

Shéid sé ina ghála in oirthuaisceart na Stát Aontaithe ó mhaidin, ach táid ann ag rá anois go ndeachaigh údaráis thar fóir le rabhadh éigeandála.

Ach deir Bill de Blasio, Méara Nua Eabhrach, gur deineadh mar is ceart agus go raibh an t-ádh dearg ar an gcathair nach dtáinig an doineann.

Connecticut agus Bostún agus ceantair eile i Massachusetts is mó a fuair sneachta ach níor thit i Nua Eabhrach ach 6 horlaí.

Cuireadh 4,500 eitilt ar ceal.  Dúnadh scoileanna agus ionaid oibre.  Ní raibh cead taistil ar bhóthar ná iarnród.

Cuireadh léachtaí ar ceal i Harvard, MIT agus ollscoileanna eile.

Níor dúnadh Stocmhalartán Wall St.