Fógraíodh go bhfuil ionad Bose i gCarraig Mhachaire Rois i gCo Mhuineacháin le dúnadh.  Tá 140 duine fostaithe ag an gcomhlacht.

Tá an comhlacht closchórais tosaithe cheana féin ag cur deiridh lena gcuid oibríochtaí agus dúnfar an áit ar fad i mí Aibreáin.  Ba i 1978 a chuaigh Bose i mbun oibre i gCarraig Mhachaire Rois. Cuireann siad córais fuaime le chéile do raidiónna agus do chórais amharclannaíochta baile.

Tá Bose chun an t-ionad atá acu in Columbia in South Carolina a dhúnadh chomh maith.