Tá an Taoiseach Enda Kenny i láthair ag an bhFóram Eacnamaíochta Domhanda i Davos san Eilvéis inniu. Glacfaidh sé páirt i roinnt ócáidí foirmeálta ar an ngeilleagar domhanda ag an bhFóram. 

Beidh an Taoiseach páirteach i ndíospóireacht bheo ar fhás eacnamaíochta agus ar chobhsaíocht polaitíochta tráthnóna. Buailfidh sé le feidhmeannaigh shinsearacha i gcomhlachtaí seirbhísí airgeadais agus ardteicneolaíochta freisin. 

Beidh cruinnithe ar leith aige le príomhfheidhmeannaigh Google agus Facebook. Tá go leor daoine fostaithe ag an dá chomhlacht sin sa tír seo.