Vótáil altraí in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe d'aonghuth dul ag obair de réir rialach ar an gcéad Mháirt de mhí Feabhra.

Tá siad ag iarraidh aird a tharraingt ar an gcaoi a mbíonn an t-ionad timpistí agus éigeandála á chur thar maoil le daoine.

Dúirt Cumann na nAltraí agus na mBanchabhrach gur vótáil 100% de na haltraí ar a shon seo.

Ciallaíonn sé seo nach mbeidh na haltraí ag plé le haon obair riarcháin ná cléireachais ná le haon bhlas eile, ach obair chliniciúil amháin ar na laethanta a mbeidh siad i mbun agóidíochta.