601 othar atá ag fanacht le leaba sna hospidéil éagsúla ar fud na tíre inniu, an líon is mó riamh. Tá 491 díobh ar thralaithe in aonaid éigeandála agus tá 100 díobh i mbardaí. 

Is in Ospidéal Mhuire Lourdes i Droichead Átha atá an líon is mó daoine ag fanacht le leaba.

D'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu go bhfuil tuairim is 800 othar fós á gcoinneáil sna hospidéil cé go bhfuil a ngéarchúram leighis críochnaithe. Daoine iad seo atá ag fanacht le cúram fadtréimhseach in ionaid eile, a dúradh.   

Dúirt Fergal Hickey ó Chumann Leighis Éigeandála na hÉireann gur in olcas a théann an fhadhb an tráth seo bliana mar nach mbíonn seirbhísí sláinte pobail ar fáil i gcaitheamh na Nollag. 

Dúirt sé freisin go bhféadfadh an scéal dul chun donais dá mbeadh ráig den fhliú nó den urlacan geimhridh ann.

Mhaígh an tAire Rialtais Richard Bruton nach tuilleadh airgid a réiteos an fhadhb. Dar leis gurb iad na leasuithe ar an tseirbhís sláinte atá á dtabhairt isteach ag an Aire Sláinte Leo Varadkar a thabharfas slán í. 

Tá altraí in Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath le dul i mbun ghníomhaíocht thionsclaíoch ó dheireadh na míosa seo mar gheall ar choinníollacha in aonad timpistí agus éigeandála an ospidéil. Tosóidh na haltraí ag obair de réir rialach ó 27 Eanáir. 

Vótáil gach ball de Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann san ospidéal i bhfabhar ghníomhaíocht thionsclaíoch aréir.

Thug an Cumann le fios inné go raibh gníomhaíocht thionsclaíoch ar na bacáin i bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le plódú sna hospidéil, sna haonaid éigeandála ach go háirithe.