Tá seirbhís ríomhphoist Google ar fáil i nGaeilge ó inniu. Deir an comhlacht gur éirigh le meitheal teicneoirí agus lucht teanga 60,0000 focal agus téarma a aistriú go Gaeilge le go gcuirfí an tseirbhís nua Gmail ar fáil. 

Ba é an tOllamh Kevin Scannell, matamaiticeoir agus eolaí ríomhaireachta in Ollscoil St Louis i Meiriceá, a chuimhnigh ar an tseirbhís a chur ar fáil a chéaduair. 

Ag an seoladh i gceannáras Eorpach Google i mBaile Átha Cliath inniu, rinneadh nasc le daltaí i bPobalscoil Ghaoth Dobhair a bhí ar an gcéad dream le leas a bhaint as an tseirbhís nua. Is féidir aistriú go dtí an tseirbhís Gaeilge i Gmail Settings.