skip to main content

Tá an t-iar-pholaiteoir Jackie Healy-Rae tar éis bháis

Tofadh ar dtúis é go Comhairle Chontae Chiarraí i 1974 agus chun na Dála i 1997. Bhuaigh sé arís i 2002 agus 2007. D'éirigh sé as na polaitíochta i 2011.
Tofadh ar dtúis é go Comhairle Chontae Chiarraí i 1974 agus chun na Dála i 1997. Bhuaigh sé arís i 2002 agus 2007. D'éirigh sé as na polaitíochta i 2011.

Rugadh Jackie Healy i gCill Garbháin, Contae Chiarraí sa bhliain 1931. Ba ón mbaile fearainn Reacaisleach a tháinig an 'Rae' ina shloinne. 

Chuaigh sé ar imirce go Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1953 ach d'fhill sé abhaile go luath ina dhiaidh sin. 

D'imir sé peil agus iománaíocht lena pharóiste áitiúil Cill Garbháin, lenar bhuaigh sé dhá bhonn chontae club sinsir i 1956 agus 1958. 

Sheinn sé an sacsafón le banna ceoil rinnce áitiúil, Kilgarvan Dance Band. 

Phós sé Julie Healy agus bhí 6 pháiste acu. Scar siad óna chéile i 1977. Is TD é a mhac Michael. Is comhairleoir contae é mac eile Danny. Is múinteoir í a iníon Joan i Meiriceá.

Is abhcóide í iníon eile Rosemary i mBaile Átha Cliath.

Tá a ghnó féin ag a mhac Dennis agus is oifigeach de chuid an GRA (Cumann na nGardaí Síochána) é mac eile John Healy (ní úsáideann sé Rae ina shloinne). 

Bhunaigh sé comhlacht gléasra ar cíos agus bhí aithne forleathan air dá bharr. Cheannaigh sé tigh tabhairne i mbaile Chill Garbháin agus mhéadaigh a chlú sa cheantar. 

Chuir sé suim sa pholaitíocht ins na 1960daí freisin. Bhí baint aige le fothoghchán inar bhuaidh John Healy suíochán. Choimeád sé an suíochán ar feadh 31 bliain. 

Chabhraigh Healy-Rae le fothoghcháin eile i gContaethe Luimnigh, Chorcaí agus na Gaillimhe. 

Co-thofadh Healy-Rae go Comhairle Chontae Chiarraí i 1973 agus bhuaigh sé suíochán i 1974, suíochán a choimeád sé go dtí go raibh air éirí as i 2003 nuair a cuireadh deireadh leis an déshainordú. 

Bhuaigh sé a chéad shuíochán Dála i 1997 i ndiaidh dó éirí as Fianna Fáil mar gur dhiúltaigh an páirtí a ainm a chur ar bhalóid toghchán na bliana sin. 

Bhí an comhrialtas idir Fhianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach gann ar mhóramh agus thacaigh Healy-Rae chomh maith le neamhspleaigh eile - Mildred Fox, Tom Gildea agus Harry Blaney leis an gcomhrialtas. 

Chinntigh a dtacaíocht gur mhair an comhrialtas a dtéarma iomlán 5 bliana. Fuair Healy-Rae agus a chomhghleacaithe cúiteamh i bhfoirm maoiniú do bhóithre, scoileanna agus seirbhísí eile ina gceantracha fa seach. 

Bhuaigh sé a shuíochán i 2002 agus arís i 2007. Rinne sé margadh eile ar mhaithe Chiarraí Theas i 2007 a chinntigh infheistíocht i go leor seirbhísí sa togh-cheantar. 

D'fhógair sé in 2008 go raibh sé i gceist aige éirí as oifig i 2011. Rinne sé amhlaidh agus bhuaigh a mhac Michael an suíochán. 

Bhí a chlann ceathrar mic agus beirt iníon timpeall air nuair a cailleadh ag am lóin inniu é.