Tá Banc Ceannais na hEorpa tar éis tacú le pleananna conspóideacha Bhanc Ceannais na hÉireann - go gcaithfidh éarlais 20% de luach tí bheith ag daoine sula dtabharfar morgáistí dóibh.

Thacaigh an Coimisiún Eorpach leis an moladh freisin. Bhí brú ar an mBanc Ceannais faoina moltaí ach thacaigh an ECB leis an mbanc.

Tá an Coimisiún ag déanamh scrúdú ar dhul chun cinn na hÉireann sa phróiseas déine faoi láthair. Tá Oifigigh den Troika i mBaile Átha Cliath inniu. 

Creideann an ECB go gcuirfidh na moltaí nua srian ar bhoilsciú san earnáil tithíochta a tharla in 2008 agus a ba chúis le blianta déine ó shin. 

Tuairiscítear go bhfuil an Coimisiúin sásta le fás an gheilleagair, an laghdú dífhostaíochta agus an titim i riaráistí morgáiste sa tír.