Tá imní á léiríú anocht faoina bhfuil i ndán do mhonarcha éadach Sioen i bpáirc ghnó Ghaoth Dobhair. Fuair oibrithe scéala tráthnóna go raibh táirgíocht le haistriú go dtí an Rómáin.

Éadaí cosanta a tháirgíonn Sioen. Bhíodh conarthaí acu tráth leis na Gardaí agus leis na póiIíní sa Tuaisceart. Tuairim is 40 oibrí atá fostaithe ag Sioen. Tá sé ar cheann de na comhlachtaí is fadbhunaithe atá fágtha sa pháirc ghnó i nGaoth Dobhair.